Thursday 14 June 2018

Áit Páirceála nua do na Rothair !!





Bhí an t-ádh orainn go bhfuaireamar áit páirceála nua do na rothair !! Bhí siad oscailte inniu don chéad lá agus mar a tharla is Seachtain Náisiúnta Rothaíochta atá ann agus bhí ceardlann rothaíochta againn ar maidin. Ní fhaca mé riamh an méid sin rothair sa scoil. Bhí sé iontach. Leanaigí leis an rothaíocht a pháistí, tá neart páirceail ar fáil daoibh anois. Cinntigh go dtagann sibh isteach an geata beag agus siúil ar dheis, timpeall ar chúl na scoile leis na rothair. Níl cead teacht isteach an geata mór.  Bhí an-lá againn. 





Wednesday 13 June 2018

Lá Gníomhach 2018 !!

Lá Gníomhach 2018 
Bhí lá iontach againn agus muid gléasta suas. An téama a bhí againn i mbliana nó "Athchúrsáil , Bruscar agus Dramhaíl". Rinne páistí na scoile ó gach rang sa scoil iarracht iontach. Míle buíochas daoibh ar fad, bhí sibh ar fheabhas ar fad. Maith sibh. Bhí an Coiste Glas an-gnóthach ag éagrú agus ar an lá é féin. Rinne siad jab iontach.